[Nuacht ⁊ Plé ] TAOILLE, an ré nua do IMLÉ 3.0 atá beagnach anso
Ar dtús báire, ba mhaith liom a rá go bhfuil brón an domhain orm ná rabhas ag scríobh chomh minic agus gur cheart dom a bheith! Faraor do bhíos ró-ghnóthach le rudaí a bhaineann lem shaol féinig chun díriú ar na póstáileacha so, ach, is cosúil go bhfuil (fé láthair ar a laghad) fé dheireadh, thar n-ais! Agus a lucht léite, tá nuacht ollmhór agam daoibh! Dona léitheoirí a bhí ag léamh mo chuid póstáileacha fadó, ba chóir go mbeadh 's agaibh go raibh an banna ceoil IMLÉ tar éis a rá go rabhadar ag súil le halbam nua a chur amach ag pointe éigin. Áfach, nuair a chuireadh muid le fhios go raibh an t-albam so á dhéanamh, ní raibh 's againn an mbeadh sé ag teacht amach i 2024 nó i 2025. Ach anois agus 2024 thart, cinntíodh gurb é an bliain seo a bhí i gceist, agus mar gheall air sin is cosúil gur cheap IMLÉ gur cheart dóibh níos mó nuacht a thabhairt dúinn fé agus a n-albam beagnach réidh le heisiúint. Ach, cad é an nuacht san?
Bhuel, b'fhéidir gur cheart dom tosnú leis an nuacht is mó atá curtha amach acu... beidh an albam nua ag teacht amach sa mhí seo chugainn ar an 14ú Márta. Do léis i gceart é sin, an t-albam féna rabhamar ag déanamh teoiricí go dtí anois, ag teacht an mhí seo chugainn. Agus ní hé sin an t-aon rud bhí curtha in iúl dúinn, ach táid tar éis ainm a thabhairt ar agus a nochta don albam: "TAOILLE". Chomh maith leis, sa fógra céanna ina bhí sé fógartha gurb é sin a bhí in ainm a bheith mar ainm an albaim thaispéanadar cén saghas ealaíne a bheith ann don albam, is féidir é a fheiscint thíos.
Agus anois, an cheist is mó, cad iad na hamhráin go mbeadh le fheiscint i dTAOILLE? Bhuel, ceapaimse fhéinig ar a laghad go mbeidh; - Cathain (An leagan 2024) - Sláinte - Mise - As Do Cheo ann, ach chomh maith leo sin, ar a hInsta cuireadh muid le fhios go mbeidh amhrán nua IMLÉ darb ainm "Timpeall Arís" (seo é an t-amhrán a bhí san bhlaiseadh beag a thugadar dúinn a bhí á phlé agam sa phóstáil seo!) ag teacht amach go luath leis, ceann dó gur féidir linn buile fé thuairim a thabhairt is a rá go mbeidh sé san albam nua leis. Taobh amuigh dena hamhráin sin, ceapaim go bhfuil seans láidir ann leis go mbeidh an t-amhrán Ceoláin Saor san albam nua, go háirithe agus é cinntithe dúinn anois mar gheall ar na hamhrán nua Clagarnach ó Ceolán a bhíonn ag teacht amach sna laethanta so. Bhuel, sin é anois, cad a cheapann sibh fén albam agus an t-ainm atá air? Inis dom sa replies! Ba mhaith liom níos mó póstáileacha a scríobh is a chur ar an mblag so sa todhchaí leis mar san má bheidh aon nuacht eile ann, inseod daoibh!
♡ Grmma as seo a léamh! ♡











