Tá an ep imlé amuigh!! Do chuid smaointe?
Grmma as an meabhrúchán go rabhas in ainm póstáil a scríobh don blag so maidir leis an EP nua! Bhuel, más é mo chuid smaointe atá á lorg agat, seo í:
[ALBAM NUA] - TAOILLE le hIMLÉ, fé dheireadh, tá sé ann.
Fé dheireadh, tar éis míonna de póstáileacha instagram ⁊ tiktok, "blaiseadh beag" d'amhrán nua a bhí in ainm a bheith insan albam nua, táimse fé dheireadh in ann sibh a chur le fhios go bhfuil an t-albam úrnua IMLÉ, "TAOILLE" tar éis teacht amach ar an Aoine, agus ar ndóigh, tá a lán le rá fé!
Ach ar dtús báire, cad iad na hamhráin atá san albam so lena rabhamar ag tnúth chomh mór leis seo? Bhuel, ar an iomlán, tá 7 amhrán san EP nua, beagáinín níos lú ná a shíleas féinig ach fós níl sé ró-dhóna. Desna hamhráin sin, tá 3 cinn nua ann; Órga (le Róisín), Éasca (le Róisín)⁊ Timpeall Arís (le Róisín agus James), amhráin a phléifear níos déanaí sa phóstáil seo. Agus maidir leis na hamhráin eile ní cuirfeá iontas ar éinne gurb iad As Do Cheo, Mise, Cathain, agus Sláinte, amhráin a dúras féinig go mbeadh san albam nua i bpóstáileacha eile.
Anois, is dócha gur cheart dom mo chuid tuairimí a insint daoibh, agus mise tar éis an t-albam nua a chur in aithne daoibh cheann féinig. Tá an t-albam nua so, GO HIONTACH.
Agus Ó A DHIA, CANATHAOBH NÁ FUIL IMLÉ AR EUROVISION?
Cgl, tógfad go bóg é anois- ach a dhia, nílim ró-chinnte agus mise á scríobh so fé láthair cad ba cheart dom a rá, fiú muna bhfuil ach 3 amhrán nua ann táid i bhfad Éireann níos fearr ná a shíleas riamh go mbeidís. Mar shampla; Éasca, gan amhras ar bith seo é an t-amhrán de chuid Róisín is fearr liom anois, díreach beagáinín níos fearr ná Órga. Ag úsáid stíleanna a chítear go minic sna laethanta so in amhráin Béarla, ba cheart le gach duine ná éistíonn le hIMLÉ cheanna tosnú leis an dá amhrán iontach so. Is beite dom caint fé Timpeall Arís anois, is maith an amhráin é gan amhras agus mar an chéad amhrán san albam? Is aoibhinn liom é, tá sé i bhfad Éireann níos difriúla ná an chuid is mó desna hamhráin IMLÉ (agus amhráin go ginearálta) leis, is dócha toisc gurb meascán é idir stíleanna James agus Róisín. Ach anois agus mé ag caint fúthu, is rud fíor suimiúil é go bhfuil na hamhráin ar fad san albam leis na stíleanna céanna, abair tá stíl/vibe soiléir ag na cinn James agus stíl eile ag na cinn Róisín. B'fhéidir gurb iad so na stíleanna ar cheart dúinn a bheith ag súil leo sa todhchaí as so amach? Nó an rud a bhaineann leis an albam so agus é amháin é? Is cosúil ná beidh 's againn don am anois.
Is féidir éisteacht leis an albam ar fad ar Youtube Music, Spotify, agus Bandcamp.
Bhuel, sin an méid a bhí le rá agam, agus mo bhrón go raibh sé chomh déanach! Do bhíos thar a bheith gnóthach san fhíorshaol faraor! Cad a cheapann sibh fén albam nua ar aon nós? Inis dom!
♡ ~ Grma as so a léamh! ~ ♡