Caillte atá na mothúcháin
A stad sna smaointe reatha mé.
An buíoch nó caointeach mé
Go leanann siad 's tú taobh liom?
Ag screadaíl 's ag béicíl
Faoi thodhchaí le tíocht agus
Faoin aimsir chaite clóite.
Bhínn buíoch don chiúineas
A thiocfadh id' dhiaidh.
Bhíteá mar leabharlannaí
Ar leabharlann m'intinne,
Agus na déagóirí ag léamh leabhra
Os ard chun magaidh fúthu.
Bhídís ciúin agus tú ann
Ach nuair a fhágtá,
Thosaídís aríst dá léamh
Le glór níos láidre 's cumhachtaí.
Roghnaídís na sleachta ba mheasa
Agus ba mhaslaí 's
Léidís amach iad id' ghuth
Agus cuma d'aghaidh orthu.
B'fhéidir gurbh fhearr laigeacht reatha
Ná uair nó dhó ciúineas taobh leatsa.

















