d’fhoghlaim beagán de gaeilge uladh agus beagán de gaeilge chonnacht. an bhfuil sin ceart go leor, nó ar roghnfaidh mé ceann amháin? (is fearr liom gaeilge uladh, ach ceapaim go tá móran gaeilge chonnacht agam agus beidh mé ag dul go dtí ollscoil i ngaillimh an bhliain seo chugainn.) (tá brón orm faoi an droch-gaeilge, táim fós ag cleachtadh.) Go raibh míle mhaith agat💚
Haigh a chara, sna laethanta seo, cé go bhfuil daoine fós ann a deir gur gá díriú ar canúint amháin: is féidir meascán a bheith agat. B'fhéidir go mbeadh an nós seo sách conspóideach ach, caithfear glacadh le hathrú chun ligint don teanga forbairt agus fás. Ach go háirithe leis na meáin sóisialta sa lá atá inniu ann, cruthaíonn an nasc sin meascán. Ní gá Gaeilge foirfe Ulaidh nó Connachta nó fiú Ghaelainn na Mumhan, glacfar le meascán. Ní féidir liom a rá go cruinn faoin Ollscoil ach, táim cinnte go mbeidh siad sásta le haon chaighdeán Gaeilge.

















