Ionsparáid amach 's amach a bhí i Rónán dhúinne agus muid ag tosú amach. Rinne muid ceann dár gcéad ghigeanna riamh leis i dTigh Hiúdaí Beag i nGaoth Dobhair 10 mbliana ó shin anois. Fuinneamh, dearfacht, rogaireacht agus croí lán láidir don chúis agus don cheol a bhí aige i gcónaí. Tá a rian fágtha aige ar go leor leor bannaí ceoil Gaeilge ar fud na tíre agus tá muid go mór faoi chomaoin aige. Feictear é sin go soiléir sna teachtaireachtaí iontacha ar fad agus an grá atá dhá léiriú ina leith ar líne go dtí seo. Faraor, tá Rónán an-tinn le cúpla bliain anuas agus tá grúpa dá chairde ag bailiú airgid le deis a thabhairt dhó cóir leighis nach bhfuil ar fáil sa tír seo a fháil thar lear. Má bhíonn pingin le spáráil agaibh, cuimhnigí le bhur dtoil ar thabhartas a chur isteach sa gciste seo. ♥️ Tá an nasc don chiste tacaíochta inár mbio. Míle buíochas. 'Dorn san aer do na Gaeil' mar a déarfadh sé féin! ♥️✊ ..... Rónán Mac Aodha Bhuí was an inspiration to us when we were starting off. We played one of our first ever gigs up in Tigh Hiúdaí Beag up in Gaoth Dobhair 10 years ago now. Energy, positivity, divilment and a love and drive for Gaeilge and music in general. He has left his mark on so many bands across the country and we all owe him so much. You can see the love and appreciation people have for him in the lovely messages online so far. Rónán has been very sick for a few years now. A group of his friends have come together to raise funds for him to receive treatment overseas that cannot be got here. If you are in a position to do so, please consider donating to the fundraiser. We have a link to it in our bio. Go raibh maith agaibh. 'Dorn san aer do na Gaeil' as Rónán himself would say! ✊♥️ https://www.instagram.com/p/Co2LcpSsfu8/?igshid=NGJjMDIxMWI=