haigh ba bhreá liom féachaint ar clár teilifíse as Gaeilge ach níl a lán rudaí le fáil. aon smaoineamh acu?
(tá Aifric feicthe agam. ba dhalta meánscoile mé.)
más rud é gur thaitin aifric leat, tá clár nua déanta atá cosúil leis darbh ainm saol ella atá an-spraoiúil!
má thaitníonn sobalchláir leat tá ros na rún ar an bhfód le like... míle bliain. tá 416 eagrán ann... is one piece na gaeilge atá ann tbh (fun fact: bhí an chéad póg homaighnéasach ar chlár éireannach ar ros na rún i 1996 <3)
tá neart cláir éagsúla ar fáil ar an tg4 player, go háirithe cláranna faisnéise. cúpla sampla:
dúirt bean liom (13 mná ag labhairt faoi na rudaí tábhachtacha ina saol, caidreamh/cearta mná/íomhá coirp/srl)
gairm sna meáin ghaeilge (foghlaim cén chaoi gur féidir leatsa a bheith páirteach)
reds na héireann (cumannachas in éireann)
má bhíonn aon amhras ort - is féidir leat i gcónaí breathnú ar TG4 beo :)










