a.k.a. which prepositions cause séimhiú and which don’t
De, do, faoi, mar, ó, roimh, trí
- Séimhétear ainmfhocail a leannan iad (Lenite following nouns)
Fuair mé grianghraf de Shíle sa bhosca.
Thug mé an t-airgead do Mhícheál.
D’inis sé scéal dom faoi thaibhsí.
Bhí sí ag obair ansin mar fhreastalaí.
Feicfidh me tú roimh dheireadh na seachtaine.
Ag, amhail, as chuig, chun, dar, go, go dtí, le, murach, os, seachas
- Ní sheimhétear ainmfhocail a leannan iad (Don’t lenite following nouns)
Bhí an t-airgead ag fear an tí.
As Maigh Eo ó dhúchas mé.
Chuir mé an bille chuig Séamas.
Rachaidh mé leat go Corcaigh amárach.
Abair le Máirín go raibh mé ag cur a tuairisce.
Bhí siad ar fad ansin seachas Dónall.
Ar, gan, idir, thar, um
- Séimhétear ainmfhocail a leanna iad cuid den am (Only lenite following nouns sometimes)
Séimhiú:
D’iarr mé síob ar thuismitheoirí Aoife.
Bhí idir chailíní agus bhuachaillí i láthair.
Shiúil sí thar theach Sheámais.
Feicfidh mé tú um Cháisc.
Gan séimhiú:
Bhí siad ar meisce aréir.
D’fhág sé mé gan pingin rua.
Stop mé idir Doire agus Muineachán.
Caitheadh thar bord amach iad.
Obair an Údaráis um Bóithre Náisiúnta.
i
- Uraítear ainmfhocail a leannan é (Eclipses following nouns)
Tá cónaí uirthi i gCorcaigh.
Chaith sé trí oíche i mBaile Átha Cliath.