Caithfidh mé tús a chur leis an mblag seo ag pointe éicint 🤷
Bhí mé ag iarraidh blag Gaeilge tumblr a dhéanamh le fada an lá. Tá cion agam ar an suíomh seo as gan bacáil leis an lucht corparáideach (agus tá súil agam gur choíche a ngabhfaidh an muintir an tsuímh seo ina n-éadan! ✊), agus as a bheith chomh oscailte le chuile shórt beo - ó thaobh roinnte smaointe, cabhair, 7 eolais de, ó thaobh na ráiméise a mbainimid uilig taitneamh as 🤪 ar bhealach éicint - go hábhair fíor-thábhachtach, cosúil le sábháilteacht chollaíochta, cosaint ó fhoréigean gnéis, plé ar dhaonlathas 7 ar dhíchóilíneachas, idir eile.
Go bunúsach, creidim gurb í an áit is oiriúnaí le tús a chur le blag Gaeilge - ba mhaith liom spás a chruthú anseo ar son a leanas:
leideanna foghlamtha teanga a chur ar fáil 😛
an cultúr a bhaineann leis an teanga a roinnt🥳
Plé ar an nGaeltacht ☘️, ar an nGalltacht 🫖 agus ar Éirinn uilig 🥁
Canúintí uilig na Gaeilge 7 an Domhain Ghaelaigh a cheiliúradh 7 a chur chun cinn - ní hamháin na trí mhór-chanuintí (Corca Dhuibhne, Conamara, Gaoth Dobhair)
Na lipéidí cruinne a thabhairt ar chuile cheann acu (gan ainm na gcúigí ina n-aimsítear iad a thabhairt ar na trí mhór-chanúintí agus dearmad a dhéanamh ar gach canúint eile 😢)
Mo chuid smaointeoireachta féin 💟
So, fáilte romhaibh uilig a bhfuil fonn oraibh a bheith i dteangmháil leis an nGaeilge sa mbealach seo, nó a bhfuil suim acu ar a bhfuil ag an mblag seo le tairiscint 😁🤗🎉.
🫖☘️🌈🌹🌧️♟️🎊
I've been wanting to make an Irish-language Tumblr blog for AGES - I've an affection for this site for the longest time having not got involved with the corporate world (and I hope they never do!) and for creating an platform atmosphere that is so open for anything.
For sharing thoughts, help and information - from the fantastic fanatical bullshit we all enjoy in one way or another, to really serious topics, like sexual safety, protection from gender violence, discussions on democracy and decolonisation, amongst so many other things...
Basically, I think this site is the perfect place to start a blog for the Irish language, and here I'd like to create the space for:
Language learning tips 😛
Sharing the culture that belongs to this language 🥳
Talking about the Gaeltacht (Irish-language Ireland), the Galltacht (English-language Ireland) and Ireland in its entirety 🎊
Celebrating and promoting all the dialects of Irish and the rest of the Gaelic-speaking world - not just the three biggest dialects (Corca Dhuibhne, Conamara 7 Gaoth Dobhair)
Giving each dialect its proper label (not labelling the three big dialects with the province wherein they're found, and forgetting about the rest 😭)
My own thoughts 🤠
So here's a big Fáilte romhaibh to all ye who'd like to interact with #Irish in this way, or have an interest in what this blog has to offer 😁🤗🎉
Go raibh míle maith agaibh 🥳




















